Nuadán concert filmed on location at The Dock, Carrick on Shannon

From April 30, 2021 19:30 until April 30, 2021 23:30
Posted by Padraig
Hits: 24

Grúpa ildánach Déiseach iad Nuadán a sheineann agus a chanann i stíl traidisiúnta as Gaoluinn agus as Béarla. Tá’n traidisiún ina phríoracht don ghrúpa ach cuireann siad a splanc féin lena gcuid ceol chomh maith.

Is iad Cárthach Ó Faoláin (bosca ceoil, mileoidean, guth), Macdara Ó Faoláin (bouzouki, piano, fidil, guth), Pax Ó Faoláin (fidil, bodhrán, guth) ón Rinn agus Iarlaith MacGabhann (fliúit, feadóg) ó Bhaile Átha Cliath baill an ghrúpa seo.

I Mí Eanáir 2016, sheol Nuadán a gcéad ceirnín, Lá Laindí Lugha agus tháinig tóir air go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go tapaidh.

“Dúchas.. Gaelachas.. Fios gnóithe.. Ómos.. Oidhreacht.. Sáite i gceol na háite, léiríonn an CD seo ó Nuadan leanúnachas le traidisiúin Rinn Ó gCuanach ó léithéidí Nioclás Tóibín go Danú go Caoimhín Ó Fearghaíl chomh fada leis an ghlún úr seo. Molaim iad agus a gcuid ceoil go h-ard na spéirtha.” - Ciarán Ó Maonaigh, Fidiléir iomráiteach agus buaiteoir Gradam Ceoltóir Óg TG4 2003

Tá siad tar éis seinnt ag go leor coirmeacha agus féilte ar fud na tíre; Féile Chief O’Neill 2018, Ennis Trad Fest, Traidphicnic 2017, Oireachtas na Samhna & Féile Ceoil Chill Chainnigh ina measc.

Sheol Nuadán a gceirnín nua Dén Díobháil ag Féile Ceoil na hInse i Mí na Samhna 2019, atá an-rath air go dtí seo. Tá péire de sheoltaí a bhí lán go béal déanta acu go dtí seo agus tá breis pleanáilte acu do 2020. Tá’n ceirnín nua seo le clos go minic ar RTÉ RnaG agus ar stáisiúin eile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ó seoladh é.

“Nuadán, with their impeccable musicianship, have crafted this collection of tunes and songs with assurance and taste, and it exemplifies the rich musical traditions of their native Déise. Intimate and authentic, compact and diverse, full of grace, goodness and gorgeous melodies: pure music!” - Steve Cooney, guitáraí agus léithreoir iomráiteach

Copyright © 2021 Irish Music and Dance in London. All Rights Reserved.